SciFest@School
Téarmaí agus Coinníollacha
Ginearálta
Taispeántais STEM tí is ea taispeántais eolaíochta SciFest@School a chuirtear ar siúl i scoileanna aonair. Is féidir iad a chur ar siúl ag am ar bith i rith na bliana, tráth a oireann don scoil ar leith.
Is féidir scoláirí as gach aon bhliainghrúpa a bheith páirteach i dtaispeántas STEM SciFest@School agus is féidir líon na scoláirí a bheith chomh híseal nó chomh hard agus is dóigh leis an múinteoir/na múinteoirí is cuí. Is féidir grúpa ar leith scoláirí, rang-ghrúpa(í) nó bliainghrúpa(í) a bheith páirteach sa taispeántas. Is féidir le scoláire amháin tionscadal a chur isteach (tionscadal aonair) nó is féidir le grúpa de bheirt nó triúr grúpthionscadail a chur isteach. Tabhair faoi deara nár chóir go mbeadh níos mó ná triúr scoláirí in aon ghrúpa.
Is féidir leas a bhaint as SciFest@School ar mhaithe le tionscadail a roghnú chun dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile – SciFest@College. Ach is féidir tionscadail a chur isteach díreach ar thaispeántas STEM SciFest@College gan páirt a ghlacadh roimh ré i dtaispeántas SciFest@School. Nuair a líonann tú Foirm Chláraithe SciFest@School toilíonn tú cloí leis na treoirlínte seo a leanas.
Ceisteanna Sláinte, Sábháilteachta agus Eiticiúla
Sula dtosaítear ar thionscadal a d’fhéadfadh go mbeadh orgánaigh chontúirteacha patagineacha, tocsagineacha nó ailléirgineacha ann (ainmhithe/feithidí, plandaí nó micríorgánaigh) caithfear dul i gcomhairle le saineolaí inniúil maidir le treoir faoi cheisteanna sláinte agus sábháilteachta. De ghnáth, caithfear cloí le gnáthrialacha agus nósanna imeachta saotharlainne i gcónaí – féach Sábháilteacht in Eolaíocht Scoile, a d’fhoilsigh An Roinn Oideachais in 2001, go háirithe Caibidil 3 sa doiciméad seo. Is féidir an doiciméad a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais anseo.
Sa chás go mbíonn daoine rannpháirteach i dtionscadail caithfear an cead cuí a fháil agus ní mór folláine agus sábháilteacht na rannpháirtithe a dhearbhú an t-am ar fad.
Ainmhithe Beo
Mar phrionsabal ginearálta, i gcás staidéar a bhaineann le hainmhithe ní cóir dul níos faide ná breathnú ar na hainmhithe ina dtimpeallacht nádúrtha. I gcás tionscadal a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar ainmhithe beo caithfear i gcónaí iad a dhéanamh ag teacht leis na rialacháin reachtúla ábhartha. Is féidir imlitir na Roinne Oideachais maidir le hainmhithe beo a úsáid i scoileanna a íoslódáil anseo. Is féidir teacht ar threoir maidir le cleachtais atá inghlactha anseo agus anseo.
Paitinní
Má tá tionscadal ann a bhfuil féidearthachtaí tráchtála ag baint leis agus gur mian leis an/na scoláire(í) paitinn(í) a lorg ina leith, moltar dóibh é a chlárú a luaithe agus is féidir. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais ón Oifig um Maoin Intleachtúil: https://ipoi.gov.ie/en/
Oiriúnacht na Scoile mar Láthair le haghaidh SciFest@School
Nuair a líonann tú foirm chláraithe SciFest@School toilíonn tú go gcomhlíonfaidh tú, mar óstach, na bundualgais seo a leanas:
- Tá Árachas Dliteanais Phoiblí chuí i bhfeidhm don ionad.
- Cuirfear maoirseacht chuí ar fáil agus ní bheidh ionadaí ar bith de chuid SciFest nó moltóir deonach leis/léi féin san ionad gan múinteoir amháin ar a laghad i láthair.
Is féidir cóip den doiciméad seo a íoslódáil anseo. An English version of the document is available here.